Mac le gabha dubhSóisialach ab ea Mussolini. Rugadh i réigiún ar a dtugtar Romagna é agus bhí cáil ar an réigiún sin mar gheall ar fhoréigean a bhain le cúrsaí talún. Cuireadh athair agus seanathair Mussolini sa phríosún de bharr gur Shóisialaithe iad. Bhí sé ina Shóisialach freisin nuair a bhí sé óg, ach tháinig athrú ar a chuid smaointí polaitiúla le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Máirseáil ar an Róimh, 1922ː Mussolini, á thionlacan ag Emilio De Bono, Italo Balbo agus Cesare Maria De Vecchi le linn na Máirseála ar an Róimh.[2]
Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento i 1919, a athraíodh go dtí Páirtí Náisiúnta an Fhaisisteachais i 1921. Tagann an focal ón ghluaiseacht a chuir Benito Mussolini chun cinn. Ba iad na fascessiombail d’údarás sa tSean-Róimh.
Chabhraigh fadhbanna eacnamaíochta agus neamhsheasmhacht pholaitiúil na hIodáile iarchogaidh le fás na Faisistigh
Benito Mussolini le Rachele, Edda, Bruno agus Vittorio ar saoir i Levanto, 1923.
Ar an 28 Deireadh Fómhair 1922, threoraigh Benito Mussolini, 30,000 fear i máirseáil ar an Róimh.[2]
Trí lá níos déanaí, ar 31 Deireadh Fómhair, tháinig Mussolini chun cumhacht ar iarratas Rí Victor Emmanuel III, le cuidiú ó na Léinte Dubha .Cé gur beag an bhagairt mhíleata a bhain leis na máirseálaithe, ghair an Rí Victor Emmanuel III ar Mhussolini a bheith ina Phríomh-Aire.[2]
Agus é ina phríomh-aire, bhunaigh sé deachtóireacht ollsmachtach san Iodáil. Ar 3 Eanáir 1925, d'fhógair Mussolini go raibh sé ag glacadh cumhachtaí deachtóireachta chuige féin.
Bhunaigh Mussolini an Stát Corparáideach; thóg sé bóithre agus dhraenáil sé na riasca Pontine in aice leis an Róimh.
Féach ar Mhussolini, agus éist leis, i mBéarla, sa bhliain 1927, anseo.[4]
Sa bhliain 1929, shínigh Mussolini Concordat agus Conradh na Laitéirne leis an Phápa. Chuir seo deireadh le haighneas a bhí idir an stát agus an Eaglais a mhair ó bhí 1870 ann. D'aithin an stát Cathair na Vatacáine mar thír neamhspleách agus ceadaíodh múineadh an reiligiúin i scoileanna stáit. Íocadh cúiteamh don Phápa as talamh a chaill sé.
Sna 1930í, mhéadaigh Mussolini ar chumhacht na hIodáile trí ionradh a dhéanamh ar an Aibisín agus trí chuidiú le Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne. Cé go raibh sé amhrasach faoi Adolf Hitler ar dtús agus gur amharc sé air mar bhagairt, d'éirigh sé cairdiúil leis de réir a chéile. Shínigh an bheirt cheannairí Ais na Róimhe-na Beirline agus Comhaontú na Cruaiche agus bhí siad mar chomhghuaillithe.
Thóg sé an Iodáil isteach sa Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1940, agus bhí an cogadh tubaisteach don tír. Bhí Mussolini curtha as cumhacht sa bhliain 1943 nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag déanamh ionsaithe ar an tír. Gabhadh Mussolini ar an 25 Iúil1943 agus cuireadh as oifig é. Ach dhá mhí níos déanaí, rinne na Naitsithe tarrtháil air, ar an 12 Meán Fómhair1943. An stát a bhí ann a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe, agus bhí cuma puipéid ar Mussolini ón lá sin amach.
Benito Mussolini crochta, in éineacht le Claretta Petacci (i lár) agus faisistí eile, i bPiazzale Loreto, Milan, 29 Aibreán 1945.
Lámhachadh Benito Mussolini i gComo ar an 28 Aibreán1945. Crochadh a chorp, in éineacht le Claretta Petacci agus faisistigh eile, i bPiazzale Loreto, Milano, an lá dár gcionn (29 Aibreán).