Jump to content

Intleacht shaorga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Intleacht shaorga
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálearnáil eacnamaíochta, cineál teicneolaíochta, brainse den ríomheolaíocht agus cineál intleachta Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Stack ExchangeNasc Cuir in eagar ar Wikidata
CA. Subredditartificial Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is intleacht shaorga (IS)[1] ann ná córais ríomhaireachta ar féidir fadhbanna casta a réiteach, patrúin a aithint, agus comhairlí a chinneadh leo nach féidir a dhéanamh de ghnáth ach le hintleacht dhaonna, le hairíonna cosúil le foghlaim, asbheirt, imfhios is féincheartú.

Is é a bhíonn i gceist ná aithris a dhéanamh le ríomhairí, an oiread agus is féidir, ar na próisis dhaonna intinne seo.

Cuimsíonn an t-ábhar brainsí éagsúla den ríomheolaíocht: cibirnitic, córais bunaithe ar eolas, próiseáil teanga nádúrtha, aithint ghutha, aithint phatrún, is róbaitic, agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta i gcórais shaineolacha.

Céard í IS ? (i mBéarla)
Céard í IS ghiniúnach? (i mBéarla)

Is féidir tairbhe mhór a bhaint as IS i réimsí éagsúla, leithéidí galair a dhiagnóisiú gan mhoill agus go fíorchruinn. Is féidir comparáid a dhéanamh idir IS na ré seo agus theacht an chlóphreasa agus an Réabhlóid Thionsclaíoch san am a caitheadh.[2]

Ach tá imní ann go rachaidh IS i gcion ar dhaoine óga, go mbainfidh sé an bonn den daonlathas agus go gcothóidh sé naimhdeas i measc daoine dá chéile.[2]

Meascán mearaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear gach blúire den bhuneolas ar ábhar áirithe — airgeadas, míochaine, dlí nó eile — i gclár ríomhaire, agus cuirtear cláir leis sin chun socruithe áirithe a dhéanamh i gcásanna éagsúla.[3] Bhain lucht bunaithe ChatGPT úsáid as 183,000 leabhar, na billiúin leathanach idirlín agus go leor foinsí eile sula raibh an áis intleachta saorga sin ábalta abairtí a chur le chéile a raibh ciall leo.

Bíonn sé an-deacair teanga a mhúineadh do IS, na mionteangacha go háirithe, mar gheall go mbíonn a cuid nósanna aisteacha agus a bealaí beaga féin ag gach teanga,[4] agus níl na foinsí ró-mhaith uaireanta.

Príobháideachas agus slándáil sonraí

Bailíonn agus déanann córais IS anailís ar líon suntasach sonraí pearsanta. Is ceist mhór é príobháideachas agus slándáil na sonraí seo a chinntiú, chomh maith le cosaint ar sháruithe féideartha.[5]

Úsáid eiticiúil

Ní mór d’oideoirí agus d’fhorbróirí impleachtaí eiticiúla IS a chur san áireamh, amhail claontacht na n-algartam, mífhaisnéis, ceisteanna cóipchirt, agus bradaíl. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir an nuálaíocht faoi threoir IS agus úsáid fhreagrach a bhaint aisti. Agus toisc go mbaineann IS ghiniúnach úsáid as algartaim a chruthaigh dearthóirí daonna, tá an-bhaol ann go dtabharfar claontacht isteach sa chóras.[5]

Rialú

Tá imní ar pholaiteoirí faoin gcontúirt a bhaineann le hIS mura rialáiltear é mar is ceart. Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh ag iarraidh a bheith chomh nuálaíoch leis na Stáit Aontaithe agus tíortha eile. Agus cinnte ní mór a bheith nuálaíoch chun brabús a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin in 2025 nár mhór nuálaíocht agus rialáil a chomhordú agus thug le fios go raibh imní air faoi rialáil ródhocht go háirithe.[2]

Na meáin

Tá béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le IS agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin. Sa bhliain 2025, tháinig fadhb chun cinn maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar; baineadh úsáid as an IS chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora - Adrien Brody - a "fheabhsú" nuair a labhair sé san Ungáiris.[6][7]

Cóipcheart/ Ceisteanna Anaithnide Ceadúnaithe

Toisc gur teicneolaíocht nua í IS, níl teorainneacha soiléire ann maidir le cé leis an t-ábhar a ghineann IS. De réir mar a leanann comhlachtaí ar aghaidh ag forbairt ceadúnas dá gcuid táirgí, ní mór d’oideoirí machnamh a dhéanamh ar impleachtaí an chóipchirt/cheisteanna anaithnide ceadúnaithe.[5]

Oideachas

Ní mór d’oideoirí agus do scoláirí tuiscint a chothú ar conas dul i ngleic leis an IS go heiticiúil, go criticiúil agus go dearfach, ar mhaithe leis an leas is fearr a bhaint aisti. Ní mór a lua gur féidir leis an IS cur le saineolas an mhúinteora, ach nach féidir léi teacht in áit shaineolas an mhúinteora. Tá baol ann don mhúinteoir agus don scoláire go dtosóidh siad ag brath an iomarca ar IS don teagasc agus don fhoghlaim. Ábhar imní coitianta i measc oideoirí is ea go n-úsáidfidh an scoláire IS ghiniúnach agus teicneolaíochtaí IS eile chun aistí a scríobh agus tascanna a chur i gcrích (bradaíl).[5]

Mar gheall ar a laghad cainteoirí agus scríbhneoirí maithe Gaeilge atá ann, bíonn teacht ag lucht forbartha uirlisí IS i nGaeilge ar i bhfad Éireann níos lú foinsí ná mar a bhíonn ar fáil i mBéarla. Fadhb í seo mar dá mhéid sonraí atá ann is ea is sofaisticiúla na huirlisí. Bheadh IS as Gaeilge ag brath ar pé ábhar atá ann cheana féin a léireodh an caighdeán ceart agus an méid a mbeifeá ag súil leis.[8][4]

Is féidir cás a dhéanamh srian a chur leis an intleacht shaorga i scoileanna, mar atá déanta sa tSualainn. Ach má ghlactar leis gur mó na buntáistí ná na míbhuntáistí a bhaineann leis an IS san oideachas, tá dúshláin ar leith ag baint le córas oideachais dátheangach na hÉireann.

"Ard-Intleacht na Gaeilge"

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh próiseas tairisceana ag Údarás na Gaeltachta in 2024 chun forbairt a dhéanamh ar uirlis don Ghaeilge a bheidh bunaithe ar an intleacht shaorga. Tá sé i gceist ag an tionscadal ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ uirlis a fhorbairt faoi dheireadh 2026 a chuirfidh seirbhísí cainte AI Gaeilge go Gaeilge ar fáil.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, artificial intelligenceAI
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-02-11). "Intleacht shaorga: 'ní mór nuálaíocht agus rialáil a chomhordú'" (as ga-IE). 
  3. Hussey, Matt (2011). "Intleacht shaorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.
  4. 4.0 4.1 "An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-04). Dáta rochtana: 2024-09-25.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Webwise. "IS san Oideachas -" (ga-IE). Webwise.ie. Dáta rochtana: 2025-04-27.
  6. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-27.
  7. "Films made with AI can win Oscars, Academy says" (en-GB). www.bbc.com (2025-04-22). Dáta rochtana: 2025-04-27.
  8. Michał Wieczorek, Eamon Costello (M.F. 2024). "AI tools could revolutionise education but leave Gaelscoileanna behind" (en). The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-02. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  9. "An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe ag an Rialtas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-09). Dáta rochtana: 2024-10-14.